Niamh de Brca & Mark Kelly - Timse gus Mire (2009, The Laurels, Clondalkin, Dublin)
Táimse ’gus Máire go sásta inár n-aigne,
Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe,
Thug sise grá thar cairde ’gus fearaibh dhom,
Thógas ar láimh í ’s go brách brách ní scarfaimid.
Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn,
Rex-fol-dí-dó,
rex-fol-dí-dow- déró---di-dí.
’Sí mo chéile-se Máire an stáidbhean mhodhúil mhaisiúil,
Í ag luascadh an chliabháin is an páiste ar a sheascaireacht.
Stoca ’na láimh is na bioráin inti a’ preabarnaigh,
Is í a’ cniotáil is a’ crónán don leanbhín.
Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-dow- déró-di-dí.
Tá mo theaghlach san áit is fearr ar an mbaile seo,
I bpáirc an tsrutháin a sháraíonn seacht n-acra,
Cruithneacht a’ fás ann chomh hard leis na clathacha,
’S go bhfeicfidh mé an lá go mbeidh sí aibí.
Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-dow- déró-di-dí.
Tá cruithneacht ag fás i mo gháirdín go slachtaithe,
Úill, spíonáin agus cuiríní dearga.
Siúcra i mála trí ráithe go taiscithe,
Chun subh is misleáin don bháb is don bhanaltra.
Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-dow- déró-di-dí
’Sé mo ghuí chun an Ard-Mhic a ghrásta do scaipeadh orainn,
’S go leanfaidh an t-ádh san gan ghátar gan easpa orainn,
Nuair a thiocfaidh lá an áirimh in áitreabh úd Jasapheth,
Go dtóga Dia in airde sinn go Gairdín Phárthais.
Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-dow- déró-di-dí
3 views
264
70
2 months ago 00:00:18 3
DJ Niamh Lynch (UK)/ 𝗤𝗨𝗔𝗦𝗜𝗠𝗢𝗗𝗢 CLUB
4 months ago 00:13:03 1
JO 2024 : Prestige ou Préjudice ?
4 months ago 01:43:14 1
A Última Viagem | com BRIAN COX - FILME COMPLETO DUBLADO E GRÁTIS | NetMovies Família
5 months ago 00:02:02 25
A Cyberpunk 2077 Cartoon
6 months ago 00:31:09 2
Celtian - los conciertos de radio3 - presentación completa