Físeán Eolais: Scrúduithe TEG

Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Tugann scrúduithe TEG deis d’iarrthóirí, ó ghlantosaitheoirí go leibhéil ardchumais, a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa chluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa. Faoi láthair, cuirtear scrúduithe ar fáil ag cúig leibhéal éagsúla. I measc na n-iarrthóirí a thug faoi na scrúduithe go dtí seo tá: foghlaimeoirí fásta i rang oíche i mBaile Átha Cliath a bhí ag tosú arís ar staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge den chéad uair ó 1970; teagascóirí Gaeilge in ollscoil in Éirinn; baill foirne de chuid comhairlí contae i gCiarraí, i nGaillimh, i dTiobraid Árann, sa Chlár agus ina lán contaetha eile; iriseoirí Gaeilge;
Back to Top